|
Sudocrem® a úsáid ar reachta
eile craicinn
Cé gurb é Sudocrem is mó a úsáidtear
chun bruth clúidín a chóireáil
is féidir é a úsáid chomh
maith do reachta eile craicinn mar ungadh antaiseipteach
a sháimhríonn agus a chosnaíonn.
Cúram don teaghlach ar fad
Is féidir Sudocrem a úsáid orthu
seo a leanas:
- Gearrthacha agus scríoba
- Miondónna
- Dó gréine.
Cé go bhfuil sé mín tá
sé éifeachtach agus ní ghortóidh
sé tú agus tú á chur ort.
Mar gheall ar an gcaoi a bhfuil Sudocrem déanta
ní bhíonn an oiread baol céanna
ann go dtarlóidh ionfhabhtú agus tá
ainéistéiseach logánta lag ann
chun fáil réidh leis an bpian. Chomh maith
leis sin, cneasaíonn sé cneá agus
cruthaíonn sé bac cosanta ar an gcraiceann
soghonta.
Tá Sudocrem ar fáil i gceithre shaghas
éagsúla potaí agus tiúb
30g, atá an-áisiúil chun tabhairt
leat ar saoire.
Seandaoine a chóireáil
Bíonn an craiceann ar sheandaoine níos
tanaí agus níos laige, is féidir
damáiste a dhéanamh dó níos
éasca agus bíonn sé níos
faide ag cneasú ná mar a bhíonn
craiceann duine óig.
B'fhéidir go mbíonn riachtanais speisialta
do chúram craicinn ag seandaoine, go háirithe
iad siúd nach ngluaiseann chomh maith sin nó
iad siúd a bhíonn sáinnithe sa
leaba nó i gcathaoir. Is féidir le gearáin
ar nós neamhchoinneálachta deirmitítis
agus brúchneá a bheith ina gcrá
croí don duine a bhíonn ag fulaingt nó
don duine a bhíonn ag tabhairt aire dóibh.
Mar sin féin is féidir go leor a dhéanamh
chun cabhrú. Mar ungadh leighis antaiseipteach
atá tástáilte go maith is féidir
Sudocrem a úsáid freisin chun na fadhbanna
craicinn seo a chóireáil.
Gearrthacha & scríoba
Miondónna
Dó gréine
Neamhchoinneálacht deirmitítis
Brúchneá
|