Bruth clúidín a chosc agus a chóireáil

Mar gheall gur riocht coitianta is ea bruth clúidín is fearr é a chosc ná é a chóireáil ach cén chaoi a ndéanann tú é sin?

Bruth clúidín a chosc

Go teoiriciúil, ní tharlódh bruth clúidín dá mbeadh tóin an pháiste i gcónaí fionnuar, tirim agus cosanta go hiomlán ó ghreannaitheoir agus ionfhabhtú.

Mar sin féin, ní go minic a tharlaíonn sé sin ach féadfaidh na pointí seo a leanas bruth clúidín a chosc:

  • Athraigh clúidín do pháiste chomh luath agus is féidir tar éis dó a bheith fliuch nó salach. Mar threoir caithfear páiste nuabheirthe a athrú dosaen uair sa lá agus leanaí níos sine a athrú 6-8 n-uaire sa lá.
  • Nigh an áit a raibh an clúidín ar cholainn an pháiste go cúramach le huisce te agus le holann chadáis, triomaigh go réidh.
  • Tabhair cead don aer an craiceann a thriomú tuilleadh nuair is féidir
  • Úsáid ungadh feiliúnach, ar nós Sudocrem, gach uair a n-athraíonn tú an clúidín chun cosaint a thabhairt i gcoinne greannaitheoirí, mar shampla fual agus stóil.
  • Má úsáideann tú clúidíní gibíneacha nó clúidíní is féidir a úsáid arís agus arís eile nigh iad i bpúdar níocháin bog nach bhfuil bitheolaíoch. Nigh na clúidíní go maith i gcónaí.
  • Athraigh an clúidín sula gcuireann tú do pháiste a chodladh.
  • Bí aireach ar na cúiseanna a bhíonn le bruth clúidín.

Bruth clúidín a chóireáil

Is cuma cén obair a dhéanann tú uaireanta is féidir le do pháiste bruth clúidín a fháil fós. Má tharlaíonn sé seo caithfidh tú iad seo a leanas a dhéanamh:

  • An tinneas a sháimhriú
  • Déan cinnte go gcneasaíonn an craiceann a luath agus is féidir
  • Cosain an craiceann ó ghreannaitheoirí nó ionfhabhtú eile

Seo an áit is féidir le Sudocrem cabhrú leat.