Bruth clúidín a chóireáil le hUngadh Leighis Antaiseipteach Sudocrem®

Bíonn bruth clúidín mar chúis do pháistí míshásta ag caoineadh. Bíonn páiste amháin in aghaidh gach ceathrar ag fulaingt ón gcúinse ag aon am amháin.

Mar sin féin, ar nós daoine fásta, tá sraith nádúrtha chosanta ar chraiceann páistí, ach ní thugann sé cosaint chomh maith céanna má bhíonn an craiceann fliuch ar feadh tréimhsí fada ama, rud a chiallaíonn go mbíonn sé soghonta chun greannú agus tinnis. De bhrí go mbíonn tóin do pháiste clúdaithe den chuid is mó ag clúidín, ní ionadh go gcuireann bruth clúidín isteach ar pháistí, cé go ndéanann tú do mhíle dícheall iad a chosaint uaidh seo.

Le Sudocrem, mar sin féin, is féidir leat bruth clúidín do pháiste a sháimhriú agus a chneasú agus do pháiste a chosaint ó ghreannú arís ag baint úsáide as na leideanna atá ar fáil.

Déanann an suíomh gréasáin seo cur síos ar na cúiseanna a bhíonn le bruth clúidín agus molann sé bealaí chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís. Má bhíonn bruth clúidín ar do pháiste, míneoimid conas is féidir le Sudocrem cabhrú agus an bealach is fearr chun é a úsáid ar do pháiste. Chomh maith leis sin is féidir leat freagraí a fháil ar cheisteanna tábhachtacha faoi bhruth clúidín a chóireáil agus conas is féidir Sudocrem a úsáid chomh maith ar reachta craicinn eile.

Rinneadh Sudocrem den chéad uair os cionn 70 bliain ó shin agus is é an ceannaire é i margadh an bhrutha chlúidín.

Léigh an lipéad i gcónaí.