Bruth clúidín a chosc agus a chóireáil
Mar gheall gur riocht coitianta is ea bruth clúidín is fearr é a chosc ná é a chóireáil ach cén chaoi a ndéanann tú é sin?
Bruth clúidín a chosc
Go teoiriciúil, ní tharlódh bruth clúidín dá mbeadh tóin an pháiste i gcónaí fionnuar, tirim agus cosanta go hiomlán ó ghreannaitheoir agus ionfhabhtú.
Mar sin féin, ní go minic a tharlaíonn sé sin ach féadfaidh na pointí seo a leanas bruth clúidín a chosc:
- Athraigh clúidín do pháiste chomh luath agus is féidir tar éis dó a bheith fliuch nó salach. Mar threoir caithfear páiste nuabheirthe a athrú dosaen uair sa lá agus leanaí níos sine a athrú 6-8 n-uaire sa lá.
- Nigh an áit a raibh an clúidín ar cholainn an pháiste go cúramach le huisce te agus le holann chadáis, triomaigh go réidh.
- Tabhair cead don aer an craiceann a thriomú tuilleadh nuair is féidir
- Úsáid ungadh feiliúnach, ar nós Sudocrem, gach uair a n-athraíonn tú an clúidín chun cosaint a thabhairt i gcoinne greannaitheoirí, mar shampla fual agus stóil.
- Má úsáideann tú clúidíní gibíneacha nó clúidíní is féidir a úsáid arís agus arís eile nigh iad i bpúdar níocháin bog nach bhfuil bitheolaíoch. Nigh na clúidíní go maith i gcónaí.
- Athraigh an clúidín sula gcuireann tú do pháiste a chodladh.
- Bí aireach ar na cúiseanna a bhíonn le bruth clúidín.
Bruth clúidín a chóireáil
Is cuma cén obair a dhéanann tú uaireanta is féidir le do pháiste bruth clúidín a fháil fós. Má tharlaíonn sé seo caithfidh tú iad seo a leanas a dhéanamh:
- An tinneas a sháimhriú
- Déan cinnte go gcneasaíonn an craiceann a luath agus is féidir
- Cosain an craiceann ó ghreannaitheoirí nó ionfhabhtú eile
Seo an áit is féidir le Sudocrem cabhrú leat.
Léigh an lipéad i gcónaí.