
Bíonn bruth clúidín ina chúis choitianta do pháistí cráite ag caoineadh. Craiceann séidte is cúis leis seo a bhíonn greannaithe de bharr a bheith fliuch agus i dteagmháil le fual agus stóil. Tosaíonn sé le deargadh an chraicinn san áit a mbíonn an clúidín agus bíonn an craiceann tinn agus míchompordach dá bharr.
Tarlaíonn bruth clúidín nuair a dhéanann fual teagmháil le craiceann an pháiste ar feadh tréimhsí fada ama. Imoibríonn an fual leis na stóil sa chlúidín, rud a chuireann isteach ar an gcraiceann agus i ndroch-chásanna scoilteann an craiceann nó tagann léasrach air. Is féidir leis an gcraiceann a bheith ionfhabhtaithe ansin. Is féidir leis an gcuimilt a dhéanann an clúidín ar chraiceann mín an pháiste agus gan púdar níocháin a bheith glanta amach i gceart as na clúidíní a bheith ina gcúiseana do bhruth clúidín chomh maith.
Is féidir le bruth clúidín tarlú am ar bith agus b'fhéidir nach mbeadh aon chúis shoiléir ann mar go mbíonn craiceann roinnt páistí íogair go nádúrtha agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé seo isteach orthu níos éasca.
Mar sin féin, tá amanna ann a mbíonn páistí so-ghabhálach do bhruth clúidín, mar shampla:
Is féidir le ceann ar bith acu seo a bheith ina chúis do bhruth clúidín.
Is féidir bruth clúidín a aithint ar roinnt bealaí:
I ndroch chásanna bíonn léasrach agus spotaí lán le gor.
Is é an rud is fearr a dhéanamh ná bruth clúidín a chosc sa chéad áit ach má tharlaíonn sé is féidir an bruth a sháimhriú agus a chneasú agus cosc a chur leis tarlú arís trí ungadh bruth clúidín a úsáid gach uair a chuirfear clúidín glan ar an bpáiste.
Léigh an lipéad i gcónaí.
| Priontáil an leathanach |