
Céard is bruth clúidín ann?
Bíonn bruth clúidín ina chúis do pháistí míshásta ag caoineadh. Bíonn páiste amháin in gach ceathrar ag fulaingt ón gcúinse ag am éigin. Bíonn páistí so-ghabhálach nuair a bhíonn na fiacla ag gearradh, nuair a athraítear iad ón gcíoch go dtí an buidéal nó nuair a thugtar bia soladach dóibh. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam go bhfuil bruth clúidín ar mo pháiste?
Tá roinnt bealaí chun bruth clúidín a aithint. Bíonn an craiceann tinn, spotaí air agus te. Tosaíonn sé go hiondúil le deargadh ar an tóin agus beidh na ceathrúna dearg agus fliuch. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Cén chaoi a gcuirfidh mé cosc leis an mbruth clúidín ag tarlú
Is fearr é a chosc ná é a leigheas agus go teoiriciúil, ní tharlódh bruth clúidín dá mbeadh tóin an pháiste i gcónaí fionnuar, tirim agus cosanta go hiomlán ó ghreannaitheoir agus ionfhabhtú. Cé nach féidir é seo a chinntiú i gcónaí tá roinnt moltaí anseo chun bruth clúidín a chosc. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Céard ba chóir dom a dhéanamh chun bruth clúidín a chóireáil?
Má fhaigheann do pháiste bruth clúidín caithfidh tú an tinneas a sháimhriú agus a chinntiú go gcneasaíonn an craiceann chomh luath agus is féidir. Is féidir le Sudocrem cabhrú anseo agus cosnóidh sé an craiceann ó ionsaithe eile ó ghreannaitheoirí nó ionfhabhtú. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Céard é Sudocrem?
Cóireáil do bhruth clúidín atá cruthaithe go cliniciúil is ea Sudocrem a chabhraíonn le craiceann mín do pháiste a sháimhriú, a chneasú agus a chosaint. Tá bun Sudocrem déanta as airíonna uiscedhiúltacha a chruthaíonn sraith chosantach, mar sin ní féidir le haon ghreannaitheoir (fual agus stóil) teagmháil a dhéanamh leis an gcraiceann.
Anuas ar an méid sin, cabhraíonn an éifeacht mhaothlach chun craiceann tinn gorach a sháimhriú agus an craiceann a dhéanamh bog ag an am céanna. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Cé mhéid Sudocrem ar chóir dom a úsáid?
Go hiondúil úsáidtear slám beag agus cuirtear sraith thanaí de ar an gcraiceann. Cuimil isteach é i ngluaiseachtaí beaga go dtí nach mbeidh rian den Sudocrem le feiceáil. Mura gclúdaíonn an méid seo an craiceann úsáid slám eile.
Ach, má bhíonn dath bán ar an gcraiceann tá an iomarca úsáidte agat.
An féidir liom Sudocrem a úsáid d'aon rud seachas bruth clúidín?
Cé go n-úsáidtear Sudocrem go forleathan do bhruth clúidín is féidir é a úsáid chomh maith chun gearrthacha agus scríoba, miondónna nó dó gréine a chóireáil. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Tá sé cloiste agam go mbaineann ungthaí do bhruth clúidín an mhaitheas as clúidíní - an dtarlaíonn sé seo le Sudocrem?
Má úsáidtear Sudocrem i gceart níl aon chruthúnas ann a thugann le fios go mbeidh aon drochthionchar aige ar an gcaoi a shúnn clúidíní an fual.
Cé a dhéanann Sudocrem?
Déanann Forest Tosara Tta. ceann de chuideachtaí Shaotharlanna Forest san Eoraip Sudocrem in Éirinn.
Léigh an lipéad i gcónaí.
| Priontáil an leathanach |