
Cuireadh tús le Sudocrem i 1931, nuair a rinne Thomas Smith, Ollamh páirtaimseartha i gCógaisíocht agus Cógasóir i mBaile Átha Cliath é i gcúl a shiopa.
Ungadh leighis antaiseipteach chun bruth clúidín, seachma, brúchneá, bruth neamhchoinneálachta agus éagsúlacht de mhionloit chraicne a chóireáil. D'oibrigh sé agus de réir mar a bhí ag éirí go maith le Thomas Smith sna 1950idí athraíodh an t-ainm ó Smith's Cream go Sudocrem.
Go luath sna 1960idí cuireadh straitéis nua chun cinn chun go n-úsáidfeadh máthaireacha nua an táirge agus bhí Sudocrem á dhíol go leanúnach in Éirinn ach faoi 1970 rinneadh athruithe breise chun margaíocht agus dáileadh an táirge a fheabhsú agus mar thoradh air seo tháinig dúbailt ar an méid a díoladh sna 4 bliana ina dhiaidh sin.
I rith na 1970idí tugadh Sudocrem isteach i dTuaisceart Éireann, ansin in Iarthuaisceart Shasana agus sa deireadh seoladh go náisiúnta é sa Bhreatain Mhór i 1980. Sna 20 bliain ina dhiaidh sin bhunaigh Sudocrem é féin sa mhargadh mar phríomhungadh do pháistí sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn díreach mar atá sé inniu.
Is branda é Sudocrem a aithníonn tuismitheoirí nua agus a bhfuil muinín acu as nuair a bhíonn siad ag iarraidh bruth clúidín a chosc nó a chóireáil agus úsáidtear go forleathan é do reachta eile craicinn agus do sheandaoine chomh maith. Is beag athrú atá tagtha ar Sudocrem le 70 bliain anuas rud a léiríonn an obair iontach a rinne Thomas Smith na blianta sin ó shin.
Léigh an lipéad i gcónaí.
| Priontáil an leathanach |