
Tá brúchneá nó anacair leapa ar cheann de na chéad impleachtaí agus de na himpleachtaí is measa de bharr gan a bheith ag gluaiseacht. Is fadhb shuntasach an brúchneá do sheandaoine a bhíonn sáinnithe i leaba (nó i gcathaoir) nó dóibh siúd atá míchumasach agus deir gairmithe sláinte gurb é an rud is fearr is féidir a dhéanamh dóibh siúd nach féidir leo gluaiseacht ná anacair leapa a sheachaint.
Is é an chéad chomhartha go bhfuil fadhb ann ná an craiceann a bheith dearg agus tinn. Tarlaíonn brúchneá sna háiteanna is mó a mbíonn meachán, mar shampla 'an t-eireaball' ag bun an droma (sacram), na corróga, na sála, na slinneáin, na huillinneacha agus na rúitíní.
Tarlaíonn brúchneá nuair a bhíonn meachán na colainne ag brú síos ar na háiteanna seo, déanann brú seasmhach agus cuimilt dochar don chraiceann mín agus b'fhéidir go scoiltfeadh an craiceann agus is as seo a thagann an chneá.
Is é an dea-scéala ná gur féidir leat é seo a chosc tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
Léigh an lipéad i gcónaí.
| Priontáil an leathanach |