Cheisteanna coitianta

Cheisteanna coitianta

Freagraí ar cheisteanna coitianta faoi bhruth clúidín agus Sudocrem®...

Tuilleadh Eolais

Gearrthacha agus scríoba

Gearrthacha agus scríoba

Sudocrem® a úsáid chun gearrthacha agus scríoba a chóireáil

Tá gearrthacha agus scríoba an-choitianta, go háirithe ar leanaí a shroicheann an aois ina mbíonn said ag rith thart taobh amuigh i gcónaí!

Fiú má dhéanann tú iarracht iad a sheachaint tarlaíonn timpistí i gcónaí. Nuair a tharlaíonn cuimhnigh gur féidir le Sudocrem cabhrú. Cabhróidh beagán Sudocrem an craiceann a sháimhriú agus an tinneas a chneasú sa chaoi go mbeidh na leanaí ag rith thart arís in achar gearr!

Scríoba a chóireáil

Tarlaíonn scríoba nuair a scríobtar uillinneacha nó glúine, ag fágáil an craiceann dearg agus lag.

Nigh an craiceann le héadach glan nó le huisce agus gallúnach bhog ar olann chadáis. Ansin cuir antaiseipteach ar nós Ungadh Leighis Antaiseipteach Sudocrem ina bhfuil comhábhair a laghdaíonn an baol go mbeidh ionfhabhtú ann. Tá ainéistéiseach logánta lag ann chomh maith chun fáil réidh leis an bpian.

Gearrthacha beaga a chóireáil

Tá an chóireáil seo mar an gcéanna leis an gcóireáil ar scríoba.

Tar éis an craiceann a ní ba chóir uisce fuar a rith os a chionn chun a chinntiú go bhfaighfear réidh leis an salachar. Is féidir ansin beagán Sudocrem a úsáid sula gclúdaítear an craiceann le cóiriú feiliúnach. Nuair a thosaíonn an gearradh ag cneasú is féidir fáil réidh leis an gcóiriú más mian leat agus cneasóidh an t-aer an gearradh níos sciobtha.

Gearrthacha móra a chóireáil

Má bhíonn an gearradh domhain ba chóir don dochtúir breathnú air, go háirithe má bhíonn go leor fola ag teacht as. Más féidir, croch an lot os cionn an chroí sa chaoi nach silfidh an oiread fola amach. Má cheapann tú go bhfuil an gearradh ionfhabhtaithe nó má bhíonn imní ort faoi téigh i dteagmháil le do dhochtúir, nó do chógasóir a luaithe agus is féidir.

Léigh an lipéad i gcónaí.

Priontáil an leathanach