
Sa bhaile is mó a tharlaíonn siad seo agus ní ionadh ar bith gur sa chistin is mó a tharlaíonn siad.
Tá go leor guaiseacha sa chistin mar shampla an citeal ag fiuchadh, sáspan le bia á bhruth ann. Is féidir ráille cosanta a cheannach chun nach féidir le leanbh friochtán a tharraingt anuas den bhruthaire. Ba chóir fleisc an chitil a chur as an mbealach. Níor chóir go mbeadh leanaí óga in ann greim a fháil ar dheochanna te.
Ar ndóigh ní leanaí amháin a fhaigheann miondónna - ach daoine fásta chomh maith! Mar shampla, nuair a bhíonn siad ag iarnáil nó ag tógáil bia te as oigheann te.
Is féidir le dó dromchlach a bheith an-tinn mar sin tá sé tábhachtach an áit a fhuarú chomh luath agus is féidir. Cuir an áit in uisce fuar nó faoi dhoirteal uisce fhuair ar feadh cúpla nóiméad nó go lagfaidh an phian. Cabhraíonn Sudocrem leis an gcraiceann tinn a sháimhriú.
Léigh an lipéad i gcónaí.
| Priontáil an leathanach |