Cheisteanna coitianta

Cheisteanna coitianta

Freagraí ar cheisteanna coitianta faoi bhruth clúidín agus Sudocrem®...

Tuilleadh Eolais

Neamhchoinneálacht deirmitítis

Neamhchoinneálacht deirmitítis

Sudocrem® a úsáid chun neamhchoinneálacht deirmitítis a chóireáil

Tarlaíonn neamhchoinneálacht deirmitítis (bruth fuail) mar chrá croí eile dóibh siúd a mbíonn neamhchoinneálacht ag cur as dóibh.

Má bhíonn teagmháil ar feadh tréimhsí fada idir craiceann mín agus fual d'fhéadfadh bruth greannach teacht ar an gcraiceann. Ciallaíonn an focal deirmitíteas séideadh an chraicinn agus úsáideann dochtúirí an focal chun cur síos ar aon bhruth craicinn a tharlaíonn mar gheall ar shubstaint ghreannaitheora.

I gcás neamhchoinneálachta deirmitítis is í an tsubstaint ghreannaitheora ná an fual féin. Mar aon le gach foirm de dheirmitíteas bíonn an craiceann a bhí i dteagmháil le substaint ghreannaitheora:

  • dearg, borrach agus tinn
  • tochasach agus scilligeadh
  • screamhógach agus/nó ag sileadh.

Bíonn bruth eile craicinn nó "bruth allais" mar a thugtar orthu uaireanta tirim, tochasach agus dearg i bhfilltíní an chraicinn agus is féidir é a fheiceáil faoi na cíocha, taobh thiar de na glúine agus ar an mbléin. Tá an bruth seo in ann a bheith tinn agus míchompordach freisin mura gcóireofar é.

Má cheapann tú go bhfuil deirmitíteas fuail ort (nó brúchneá ag teacht ort) gníomhaigh go sciobtha trí ghlaoch ar ghairmí sláinte a bheidh in ann an fhadhb a dhearbhú agus cóireáil a mholadh. Tá sé tábhachtach aire a thabhairt don chraiceann timpeall ar an mbruth trí shláinteachas a chothú.

Is féidir Sudocrem a úsáid mar is gnáth ar othair atá i mbaol chun cabhrú le fadhbanna craicinn den sórt seo.

Leigh an lipéad i gcónaí.

Priontáil an leathanach