
Cóireáil do bhruth clúidín atá cruthaithe go cliniciúil is ea Sudocrem a chabhraíonn le craiceann mín do pháiste a sháimhriú, a chneasú agus a chosaint.
Ar an gcéad dul síos tá bun Sudocrem déanta as airíonna uiscedhiúltacha a chruthaíonn sraith chosantach, mar sin ní féidir le haon ghreannaitheoir (fual agus stóil) teagmháil a dhéanamh leis an gcraiceann.
Anuas ar an méid sin, cabhraíonn an éifeacht mhaothlach chun craiceann tinn gorach a sháimhriú agus an craiceann a dhéanamh bog ag an am céanna.
Faigheann Sudocrem réidh leis an bpian agus an greannú a bhaineann le bruth clúidín agus cneasaíonn comhábhair eile an craiceann.
Is féidir Sudocrem a úsáid gach uair a n-athraítear an clúidín, ach ná déan dearmad nach gá ach sraith thanaí Sudocrem a chur ar an gcraiceann.
Go hiondúil úsáidtear slám beag agus cuirtear sraith thanaí de ar an gcraiceann. Cuimil isteach é i ngluaiseachtaí beaga go dtí nach mbeidh rian an Sudocrem le feiceáil. Mura gclúdaíonn an méid seo an craiceann úsáid slám eile. Ach, má bhíonn dath bán ar an gcraiceann tá an iomarca úsáidte agat.
Léigh an lipéad i gcónaí.
| Priontáil an leathanach |